GRÁ
tá an grá tiarnúil,
chreid Kierkegaard.
is fearr, dar liom,
grá a thabhairt
gan phráinn.
aitheantas
anam go hanam,
cumarsáid,
fuil go fuil,
sa teitheadh – suas
nó síos – gan fhios agat
céard is ceann riain.